cumannlogo
Bunaíodh Cumann Húicéirí na Gaillimhe i 1978 agus í mar aidhm aige athchóiriú agus caomhnú an bháid ar a dtugtar Húicéir na Gaillimhe (agus na cineálacha éagsúla - gleoiteog, púcán, leathbhád agus bád mór - san áireamh), a chur chun cinn. Chomh maith leis sin thug sé deis chumarsáide do dhaoine a raibh an suim chéanna acu sna báid. Sa chéad nuachtlitir bhliantúil (1980) leagadh síos aidhmeanna an chumainn go sonrach, mar seo a leanas:

 

  • suim a mhúscailt sna húicéirí, sna púcáin agus sna gleoteoga
  • maoirseacht a dhéanamh ar rásaíocht
  • caomhnú a dhéanamh ar na báid atá ann agus athbheochan a dhéanamh ar na haicmí éagsúla
  • sainmhíniú a thabhairt ar gach ceann de na trí aicmí
  • imeachtaí eile, a chuirfeadh na haidhmeanna seo chun cinn, a spreagadh

Cé go mbíodh úsáid fhorleathan ag an húicéir mar bhád lastais, baintear leas astu anois mar bháid phléisiúir atá le feiceáil ag féilte bliantúla an tsamhraidh ó Chinn Mhara go Cloch na Rón.
Chomh luath agus an bád utilitarian, a úsáidtear le haghaidh "Hook and line" iascaireacht agus chun go leor earraí éagsúla (móin, aolchloch, beostoic, feamainn), is é an Húicéirí na Gaillimhe anois árthaí áineasa. Na báid a úsáid freisin do chúrsaí seoltóireachta agus le haghaidh turais spreagúil feadh chóstaí iontach Chonamara.

 

nodo

 

Dream eile a dhéanann obair mhór ar son na húicéirí is ea Bádóirí an Chladaigh agus é d’aidhm acu, mar a deir siad féin: “to teach young people how to restore the boats, how to sail them and, on the way, instil within Irish youth the importance of their own history and tradition, and its relevance in the modern world… young people from all backgrounds are brought into contact with the traditional sailing craft and the skills required to build, maintain and save them.”