Is éard atá i Húicéir na Gaillimhe bád traidisiúnta a bhaineann le ceantar chuan na Gaillimhe féin agus le cósta Chonamara. Bád mear maisiúil atá inti ach í téagartha freisin, agus aithnítear í ar a cabhail dhubh (is é sin, dath an tarra a chuirtí uirthi tráth) agus ar a seolta dearga. Má shamhlaítear an dath dearg sin le húicéirí go coitianta anois, ba é ba chúis leis an chéad lá ná an rud a dtugann siad ‘coirtiú’ air: chuirtí an t-éadach seoil síos in umar lán le leacht a dhéantaí as coirt crainn. Dhéanadh sé sin an t-éadach níos téagartha agus chosnaíodh sé an seol ar lobhadh is ar chaonach liath. Ach bhí sé de mhí-ádh ar an gcoirtiú go ndéanadh sé na seolta an-trom freisin. Sa lá atá inniu ann is é Terylene, ceimiceán a bhfuil an dath dearg céanna air, a chuirtear ar na seolta chun iad a chosaint ón aimsir.
As cláracha cuartha darach, learóige is feá a dhéantar húicéirí. Cabhail bhoilsce agus transam sceoite atá orthu, aon chrann amháin do sheol rige geaifil, chomh maith le seol tosaigh agus seol jibe a ghobann amach thar cheann an bháid ar chrann spreoide.

Tá ceithre chineál húicéara ann, ag brath ar fhad is ar chineál an rige inti:

1) An bád mór: 10.5-13.5 méadar (35-44 troigh) ar a fad agus an deic inti ar thaobh na heangaí den chrann seoil.

2) An leathbhád: Thart ar 10 méadar (32 troigh) ar a fad agus an deic inti ar thaobh na heangaí den chrann seoil. Í an-chosúil leis an mbád mór ach leathbhád a thugtar ar an gcineál seo mar tá sí in ann thart ar leath oiread an mhéid de lasta a iompar is atá an bád mór.

3) Gleoiteog: 7-9 méadar (24-28 troigh) ar a fad agus í cosúil leis an mbád mór agus leis an leathbhád. Báid oscailte atá sa gcuid is mó de ghleoiteoga, cé go bhfuil cinn ann agus deic thosaigh bheag orthu. Déantar idirdhealú idir gleoiteoga móra agus gleoiteoga beaga i gcúrsaí rásaíochta freisin. Is dóigh gur ón bhfocal “gleoite,” a chiallaíonn “álainn,” a thagann ainm an bháid seo.

4) Púcán: 7-9 méadar (24-28 méadar) ar a fad agus í cosúil leis an ngleoiteog. Tá sé de dhifríocht eatarthu gur bád oscailte é an púcán i gcónaí. Tá an rige sa bpúcán difriúil freisin – go deimhin, tugtar “rige púcáin” ar a leithéid agus tá seol jibe beag ann. Ainmníodh an púcán as an luascadh a dhéanann an seol cleithe timpeall an chrainn agus an bád seo á sheoladh.


nodo

Chineál na Húicéara


YEAR: 1852
BUILT IN: Inishbarra
BUILDER: Mathias Gorham
OWNER: Dermot O'Flaherty

 


YEAR: 1892
BUILT IN : Black Weir
BUILDER : Patrick Brannelly
OWNER: Máirtín O' Briain

 


YEAR: 1912
BUILT IN: Mweenish
BUILDER: Martin Casey
OWNER: Mike & Sue Fahy

 


YEAR: n.a.
BUILT IN: Tirnee
BUILDER: Patrick Griffin
OWNER: Finn Mac Mullan


YEAR: 2015
BUILT IN: Lettermore
BUILDER: Joe Reaney
OWNER: Dara Bailey

 


YEAR: 1914
BUILT IN: Lettermore
BUILDER: Martin Casey
OWNER: Aongus O' Flatharta

 


YEAR: 1996
BUILT IN: Carraroe
BUILDER: Pat Folan
OWNER: Pat Folan

 


YEAR: 1821
BUILT IN: Mweenish
BUILDER: Martin Casey
OWNER: Peter Molloy

 


YEAR: 2012
BUILT IN: Woodford
BUILDER: Mattie O' Malley
OWNER: Mattie O' Malley

 


YEAR: 2005
BUILT IN: Lettermore
BUILDER: Joe Reaney
OWNER: Dara O' Flatharta

 


YEAR: 2014
BUILT IN: Rosmuc
BUILDER: Patrick Connolly
OWNER: Galway City Council


YEAR: 1990
BUILT IN: Camus
BUILDER: Colm Walsh
OWNER: Matt Flaherty

 


YEAR: 1917
BUILT IN: Mweenish
BUILDER: Pádraig O' Casey
OWNER: Ciarán Mc Donncha, Martin Keane

 


YEAR: 1940
BUILT IN: Inishbarra
BUILDER: Joe Bháitéir Seoige
OWNER: Seán Kelly

 


YEAR: 2002
BUILT IN: Damros
BUILDER: Donal Greene
OWNER: Micheál Kelly

 


YEAR: 1994
BUILT IN: Clynagh, Carraroe
BUILDER: Colm Mulkerrins
OWNER: Patrick Mc Donagh


YEAR: 1886
BUILT IN: Maínis
BUILDER: Máirtín Casey
OWNER: Ciarán Mac Donncha

 


YEAR: 2015
BUILT IN: Inverin
BUILDER: Patrick Connolly
OWNER: Pádraig Bailey

 


YEAR: 1916
BUILT IN: Galway
BUILDER: Séan O' Domhnaill
OWNER: Cóilín O' hIarnáin

 


YEAR: 2009
BUILT IN: Lettermore
BUILDER: SeánMc Donncha
OWNER: Máirtín Og Mc Donncha

 


YEAR: n.a.
BUILT IN: Rosmuc
BUILDER: James Nee
OWNER: Máirtín O' Droighneáin


YEAR: 2010
BUILT IN: Rosmuc
BUILDER: Briocán Mannion
OWNER: Briocán Mannion

 


YEAR: 1860
BUILT IN: Lettermore
BUILDER: Michael Reaney
OWNER: Bailey Family

 


YEAR: 1852
BUILT IN: Carraroe
BUILDER: Pádraig Mc Donagh
OWNER: Mc Donagh Family

 


YEAR: 2002
BUILT IN: Carna
BUILDER: Colm Mulkerrins
OWNERS: Pádraig O' Cualain,
      Eimer Joyce,
         Máirtín Báiréad

 


YEAR: 2002
BUILT IN: Lettermore
BUILDER: Joe Reaney
OWNER: John Beag O' Flatharta

 


YEAR: 1890
BUILT IN: Black Weir
BUILDER: Patrick Brannelly
OWNER: Tommy Kelly

 


YEAR: 2006
BUILT IN: Carraroe
BUILDER: Pat Folan Michael Mc Donagh
OWNER: Stiofán de Bhailís,
Seán O' Dubháin

 


YEAR: 2017
BUILT IN: Carna
BUILDER: M.Mulkerrins
OWNER: M.Mulkerrins

 


YEAR: 1896
BUILT IN: Inishbarra
BUILDER: Martin Casey
OWNER: Pádraig O' Cualáin

 


YEAR: 1997
WHERE: Letterard
BUILDER: Colm Mulkerrins
OWNER: Frank Cooke

 


YEAR: 2012
WHERE: Galway
BUILDER: Joe Seoighe
OWNER: Bádoirí an Cladaigh

 


YEAR: 1872
BUILT IN: Galway
BUILDER: Micil Ráinne
OWNER: Joe Ráinne

 


YEAR: 1999
WHERE: Carraroe
BUILDER: Pat Folan, Michael Mc Donagh
OWNER: Séan Mc Donncha

 


YEAR: 1993
BUILT IN: Dublin
BUILDER: John Healion
OWNER: Cian de Buitléar

 


YEAR: 1924
BUILT IN: Galway
BUILDER:  Séan Cloherty
OWNER: Pádraig Seoighe

 


YEAR: 2007
BUILT IN: Carraroe
BUILDER: Pat Folan, Michael Mc Donncha
OWNER: Jimmy Keady

 


YEAR: 1978
BUILT IN: Inishnee
BUILDER: Páádraig Davis
OWNER: Donncha Mac Con Iomaire

 


YEAR: 2003
BUILT IN: Lettermore
BUILDER: Joe Reaney
OWNER: Antaine O' Gríofa

 


YEAR: 1997
BUILT IN: Lettermore
BUILDER: Joe Reaney
OWNER: Colm O' Flatharta

 


YEAR: 2008
BUILT IN: Lettermullan
BUILDER: Martin Mullins
OWNER: Pádraig Barrett

 


YEAR: 1931
BUILT IN: Galway
BUILDER: Séan Reaney
OWNER: Pádraig de Bháldraithe