Is mór an chailteanas agus an ghoiliúint dhúinn go bhfuil Peadar Bailey imithe ar shlí na fírinne. Ceann de na fir uaisle sin ab ea Peadar nach raibh urchóid ann ná droch-rud le rá aige faoi dhuine ar bith. Athair íontach dhá bheirt ghasúr, fear-céile álainn dhá mhian-croí, agus mac dílis dhá mhama a chonaic mise i bPeadar, agus ní dhéanaim aon áibhéal ansin.
Aireoidh muide freisin, a chuid cáirde agus leathbhádóirí, go mór uainn Peadar, ní díreach ar an bhfarrraige, ach ar an gcéibh, ag cruinnithe Chumann Húicéirí, agus na chatanna breátha a ghiorródh an bóthar dhó is é i mbun a chuid oibre ag tiomáint leoraí.
Tá an stoirm caite, calm tagtha, agus an domhan seo socair inniú.

 

peadar