Ar an tríú deireadh seachtaine i mí Lúnasa glacann go leor seoltóirí páirt i bhféile trí lá le ceiliúradh a dhéanamh ar na sean-nósanna oibre. Tar éis dóibh na húicéirí a luchtú le móin i gConamara, seolann siad na báid chomh fada le Cinn Mhara do Chruinniú na mBád, faoi mar a dhéantaí san aimsir siar agus trádáil rialta ar bun idir pobail an dá chosta.

10 Lúnasa: Rása Gleoiteoga Móra & Beaga Dé Sathairn ag 2 sa Pháirc Mhór.
Cruinniú scipéirí ag 1.

11 Lúnasa: Rása Báid Mhóra & Leath Bháid Dé Domhnaigh ag 2.
Cruinniú Scipéirí ag 1 ar Chéibh Cinn Mhara.