Le tacaíocht scéim FLAG Bhord Iascaigh Mara, tá cúrsa loingseoireachta do scór bádóir atá ina mbaill a reachtáil ag Cumann Húicéirína Gaillimhe. Tá fios gur scoth na mbádóirí a bhíonn ag seoladh na húicéirí agus láidreoidh an cúrsa Loingseoireacht Cósta seo lena gcuid saineolais ar an bhfarraige. Is deis freisin é do bhádóirí óga an chumainn an chéad chéim a thógáil ina n-oideachas acadúil mara. Is iomaí ball den Chumann Húicéirí atá saothrú slí-bheatha as an bhfarraige arbh é seo an chéad chúrsa a ndéarnaigh siad.
Is é Micheál Ó Conaire as Ros Muc a bheidh ag tabhairt an chúrsa agus is mór againn go bhfuil teagascóir le gaeilge i mbun an chúrsa cheithre oíche.
I dteannta an chúrsa, beidh seaicéad tárthála agus raidió VHF láimhe á bhronnadh ag gach rannpháirtí, dhá fhearas sábháilteachta ar chóir a bheith i ngach bád inniú. Infheistíocht de €6,914 atá á dhéanamh ag BIM agus íocfaidh gach rannpháirtí €100 chun costaisí an chúrsa agus an treallamh a chlúdach.