Bhí oíche bhreá ag Dinnéar na mBádóirí 2017 le seomra mór lán go béal le bádóirí agus a gclainne. Bhíodar ar fad ag baint sult as an mbéile, agus iad ag roinnt neart gáire sa gcomhluadar bhreá. Dúirt Donncha cúpla focal ag deireadh an dinnéir faoi ghníomhaíochtaí an Chumainn, gach a bhfuil bainte amach go dtí seo agus na pleaineanna atá ag an gCoiste don toghachaí.
Ansin, bhí bronnadh na nduaiseanna inár bronnadh duaiseanna speisialta urraithe ag Dubarry ar Rónán Ó Briain do Bhádóir na Bliana, agus Cathal ‘Cookie’ Ó Gríofa a fuair duais do Bhádóir Óg na Bliana. Cé nach raibh Cookie i láthair, sheol sé físeán ag glacadh buíochais ó lár an tAigéan Indiach.
Bhí duais nua, urraithe ag Seanachaí Editions, dírithe ar dhuine a bhfuil iarracht mhór déanta aige thré na mbliana ar mhaith leis na Húicéirí. Ar Johnny Healion a bronnadh an duais i mbliana agus léirigh an físeán gearr cuid den obair a rinne iar-úinéara an ‘Morning Star’. Bhí Johnny lárnach in athbheochan na Húicéirí agus chuir sé tús le Cumann Húicéirí na Gaillimhe i 1977 agus thóg sé roinnt Húicéirí é fhéin freisin. “Comhgháirdeachas leat a Johnny, agus míle buíochas!”
Lean an oíche le bronnadh duaiseanna ealaíonta ar sheaimpíní na sraitheanna éagsúla Húicéirí. Comhgháireachas libhse úinéirí agus criúanna An Tónaí, Norah, Naomh Ciarán, McHugh, agus Sruthán Buí.
Bhí an obair fhoirmeálta déanta ansin agus bhain an slua sásamh as comhluadar a chéile agus as damhsa le ceol ó ‘Fóidín Meara’
Bhí an-oíche ag gach a tháinig chuig Óstán An Cheathrú Rua, ár míle buíochas le Donncha Mac Con Iomaire, Stiofán de Bhailís, agus Maria Ní Chonghaile, a d’oibrigh go dian le go mbeadh oíche sásúil ag gach duine.