Bhí oíche bhreá ag Dinnéar na mBádóirí 2018. Bhí an seomra mór in Óstán Merriman lán go bunbéal le bádóirí agus a gclainne, iad ag baint sásamh as an mbéile agus as comhluadar a chéile.
Théis an bhéile taispeáineadh físeán in ómós do cheann de na Bádóirí móra a cháill muid i mí Lúnasa, Matt Ó Cathasaigh.
Bronnadh duais Mná na mBádóirí ar Bhaba Uí Bháille tar éis físeán a bheith feicithe di agus í ag caint ar na geansaithe a chniotáil sí do bhuaiteoirí Fhéile Mhic Dara le 25 bliain. Tá an duais seo dírithe ar na mná a infheistíonn an oiread sin dá gcuid ama ins na húicéirí, fiú go minic mura bhfeictear ar bord iad.


Lean an oíche ar aghaidh ansin leis na duaiseanna atá urraithe ag Dubarry, "Bádóir na Bliana" buaite ag Pat Mhichael Ó Cualáin, agus "Bádóir Óg na Bliana" buaite ag Mary Nic Dhoncha.
Is iad Seanachaí Editions a rinne urraíocht ar an nGradam Saoil, duais thábhachtach a gheobhann daoine a dhéanann iarracht mhór i mbolscaireacht na mbád ags is é Máirtín Ó Briain, úinéara "An Tónaí", an bád céanna a thug sraith na mBáid Mhór léi i mbliana. Lean an oíche ar aghaidh le bronnadh duaiseanna ealaíonta na sraitheanna éagsúla Húicéirí. Comhgháirdeachas le criúanna An Tónaí, Croí an Chladaigh, Naomh Ciarán, Eirin’s Hope, agus an Mary Ann.
Chuir na duaiseanna galánta déanta ag Galway Crystal a raibh logo an Chumainn orthu lonnair ar an oíche.
Nuair a bhí foirmeáltacht na h-oíche thart, bheidh neart deis cainte agus spraoi ag na bádóirí ar fad le chéile agus áird mhór freisin acu ar na duaiseanna éagsúla raifil a bhí bronnta ag baill éagsúla den Chumann.
Bhí an-ocáid ag Dinnéar na mBádóirí agus buíochas faoi leith le tabhairt do Dhonncha Mac Con Iomaire, Maria Uí Bhriain, agus Liam agus Eilís ó Seanachaí Editions a chuir obair mhór isteach in eagrú na h-óiche, agus le Michael Brogan ó choiste áitiúil Chruinniú na mBád a thug gach cabhair chun go n-éireodh leis an oíche.

Go mbéarfidh muid beó ar an am seo arís!

 

Bádóiri 2018 Dinner

Click on the photo to start the video - Cliceáil ar an grianghraf chun an físeán a thosú
Click on a photo to enlarge it or for info - Cliceáil ar ghrianghraf chun é a mhéadú nó le haghaidh faisnéise

Matt Casey

Máirtín Ó Briain

Baba Uí Bháille

Pat Mhichael Ó Cualáin

Winner/ Buaiteoir Gleoiteoga Beaga-L1-Erin's Hope

Colm O Flatharta

Winner/ Buaiteoir Gleoiteoga Móra - Naomh Ciarán

Joe Seoighe & Peter Connolly

Winners/ Buaiteoirí Leath Bháid - Croí an Chladaigh

Rónan Ó Briain

Winner/ Buaiteoir Báid Mhóra - An Tonaí

Baba Uí Bháille

Winner/ Buaiteoir - Mná na mBádóirí

Máirtín Ó Briain

Winner/ Buaiteoir Báid Mhóra - An Tonaí

Marcas Ó Maolchiaráin

Leathbhád Sailor of the Year - Bádóir na Leathbháid

Dara Ó Flatharta

Gleoiteog Beag League 1 Sailor of the Year - Bádóir na nGleoiteoga Beaga Léig1

Norah Mac Donncha

Norah Mac Donncha: Bailiú duais a h-iníne, Mary, Bádóir Óg na Bliana 2018 - Collecting her daughters (Mary) award, Young Sailor of the Year

Pat Mhichael Ó Cualáin

Sailor of the Year / Bádóir na Bliana

Máirtín Ó Briain

Lifetime Achievement Award / Gradam Saoil

Dinnéar na mBádóirí 2018

Merriman Hotel / Ostan Merriman