Tosaíonn Taoide ar TG4 ar an 1ú Bealtaine
Cumhacht is mistéir na farraige a bheidh faoi chaibidil i mórshraith nua trí chuid a thosóidh ar TG4 an 1 Bealtaine. Is é seo an chéad chomhléiriúchán le cabhair ó infheistíocht as an tSín.
Sraith í Taoide a ndearnadh scannánú uirthi ar ceithre mhór-roinn agus a thabharfaidh léargas fíorálainn ar cheann de na fórsaí nádúrtha is cumhachtaí agus is mistéirí ar bhéal na Cruinne.
Chomh maith le maoiniú ó chuideachta léiriúcháin as an tSín LIC, fuair an tionscadal cúnamh maoinithe ó TG4, BBC ALBA, BBC Thuaisceart Éireann agus S4C agus an comhlacht dáileacháin Sky Vision. Ag Féile na Meán Ceilteach 2017 a cuireadh an smaoineamh chun cinn ar dtús.


Mar thoradh ar an gcomhléiriúchán seo tá Ciste Forbartha Ceilteach bunaithe chun comhléiriúcháin eile dá leithéid a fhorbairt. Déanfaidh LIC agus Sky Vision an tsraith a dháileadh ar fud na Síne, Hong Cong, Macau agus sa Téaváin agus tá Sky Vision i mbun idirbheartaíochta í a dhíol le craoltóirí eile ar fud an domhain.
I mbliana Bliain na dTeangacha Dúchais a tharraingíonn aird ar an tábhacht atá le heolas atá le fáil i mionteangacha a chothú agus a chaomhnú. Beidh leagan ar leith de na cláir faisnéise ag dul chuig gach tír a ghlac páirt sa gcomhléiriúchán i dteanga dúchais na tíre sin.
I gcás TG4, chuaigh an stiúrthóir/léiritheoir Donncha Mac Con Iomaire i bpáirt le Cwmni Da, comhlacht as an mBreatain Bheag, chun leagan Gaeilge a chur ar fáil do TG4 á chur i láthair ag Macdara Ó Cuaig, eolaí le Foras na Mara. Craolfar an chéad eagrán ar TG4 ag 9.30 pm Dé Céadaoin an 1 Bealtaine.
Maidir leis an tsraith, dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4,: "Tá TG4 thar a bheith sásta dul i mbun oibre lenár bpáirtithe craolacháin sna Náisiúin Cheilteacha eile chun leagan Gaeilge den tsraith uaillmhianach seo a choimisiúnú. Tá tuiscint ar leith ag an tír ar théama na sraithe ó tharla gur oileán í agus gan amhras beidh lucht féachana TG4 in Éirinn agus ar fud an domhain faoi gheasa aici.
Dúirt Dylan Huws, stiúrthóir bainistíochta Cwmni Da as an mBreatain Bheag: Ag fóram de na Craoltóirí Ceilteacha a cuireadh an smaoineamh chun cinn ar dtús agus léiríomar ar fad spéis ann láithreach. Bhí spéis ag LIC a bheith páirteach ann mar gur theastaigh uainn go mbeadh roinnt scéalta as an tSín sa tsraith. Deir Dylan 'Seo í an chéad uair ar oibrigh na páirtithe Ceilteacha as lámh a chéile agus mar sin is ócáid bheag stairiúil í ó thaobh na craoltóireachta. Chuir gach páirtí tuairim is £100,000 sa chiste agus a thoradh go mbeidh sraith faisnéise ar ardchaighdeán ar fáil dóibh a ndearnadh scannánú uirthi ar fud an domhain."

John Darba Flatharta

boat

taoide2

taoide2