Cumann Húicéirí na Gaillimhe

Pádraig Seoighe R.I.P.

PJW

Tháinig cuaifeach gaoithe an deireadh seachtaine seo caite agus sciob sé leis duine de bhádóirí móra na húicéirí, Pádraig John William Seoighe. Bhí Pádraig ar dhuine de na daoine ba uaisle a chasfaí ar chéibh nó ar muir ar dhuine, é séamh, cneasta agus ansin i gcónaí le tacaíocht a thabhairt uair a dteastódh sé. Ní h-amháin go mbíodh se le feiceáil ar chipín an Volunteer, ach bhí sé seasta ag tacaíocht lena chuid leathbhádóirí, go deimhin bhí Pádraig ina Chaithaoirleach cumasach ar an gCumann tráth, agus aireófar go mór uainn é. Déanann muid comhbhrón lena bhean Cáit, a chlann Róisín agus Colm, agus lena chuid deirfiúracha Mary, Bridie, Winifred, Peggy, Ann agus a dheartháir Joe. Go raibh cóir leis agus é anois ar seoladh i measc scoth na mbádóirí agus cáirde a d’imigh roimhe.

Previous Post