An Húicéir na Gaillimhe

Is éard atá i Húicéir na Gaillimhe bád traidisiúnta a bhaineann le ceantar chuan na Gaillimhe féin agus le cósta Chonamara. Bád mear maisiúil atá inti ach í téagartha freisin, agus aithnítear í ar a cabhail dhubh (is é sin, dath an tarra a chuirtí uirthi tráth) agus ar a seolta dearga. Má shamhlaítear an dath dearg sin le húicéirí go coitianta anois, ba é ba chúis leis an chéad lá ná an rud a dtugann siad ‘coirtiú’ air: chuirtí an t-éadach seoil síos in umar lán le leacht a dhéantaí as coirt crainn. Dhéanadh sé sin an t-éadach níos téagartha agus chosnaíodh sé an seol ar lobhadh is ar chaonach liath. Ach bhí sé de mhí-ádh ar an gcoirtiú go ndéanadh sé na seolta an-trom freisin. Sa lá atá inniu ann is é Terylene, ceimiceán a bhfuil an dath dearg céanna air, a chuirtear ar na seolta chun iad a chosaint ón aimsir. As cláracha cuartha darach, learóige is feá a dhéantar húicéirí. Cabhail bhoilsce agus transam sceoite atá orthu, aon chrann amháin do sheol rige geaifil, chomh maith le seol tosaigh agus seol jibe a ghobann amach thar cheann an bháid ar chrann spreoide.

Chineál na Húicéirí

Tá ceithre chineál húicéara ann, ag brath ar fhad is ar chineál an rige inti.

/Bád%20Mór
Báid Mhóra (grianghraf: An Tonaí)

An Bád Mór: 10.5-13.5 méadar (35-44 troigh) ar a fad agus an deic inti ar thaobh na heangaí den chrann seoil.

/Leathbhád
Leath Bháid (grianghraf: Norah)

An Leathbhád: thart ar 10 méadar (32 troigh) ar a fad agus an deic inti ar thaobh na heangaí den chrann seoil. Í an-chosúil leis an mbád mór ach leathbhád a thugtar ar an gcineál seo mar tá sí in ann thart ar leath oiread an mhéid de lasta a iompar is atá an bád mór.

/Gleoiteog
Gleoiteoga (grianghraf: Naomh Ciarán)

An Gleoiteog: 7-9 méadar (24-28 troigh) ar a fad agus í cosúil leis an mbád mór agus leis an leathbhád. Báid oscailte atá sa gcuid is mó de ghleoiteoga, cé go bhfuil cinn ann agus deic thosaigh bheag orthu. Déantar idirdhealú idir gleoiteoga móra agus gleoiteoga beaga i gcúrsaí rásaíochta freisin. Is dóigh gur ón bhfocal “gleoite,” a chiallaíonn “álainn,” a thagann ainm an bháid seo.

/Púcán
Púcán (grianghraf: Nóra Bheag)

An Púcán: 7-9 méadar (24-28 méadar) ar a fad agus í cosúil leis an ngleoiteog. Tá sé de dhifríocht eatarthu gur bád oscailte é an púcán i gcónaí. Tá an rige sa bpúcán difriúil freisin – go deimhin, tugtar “rige púcáin” ar a leithéid agus tá seol jibe beag ann. Ainmníodh an púcán as an luascadh a dhéanann an seol cleithe timpeall an chrainn agus an bád seo á sheoladh.